safefood
  • Text Size
  • A
  • A
  • A
  • Colour
  • C
  • C
  • C
  • C
 
 

Seo a leanas cuspóirí Thopaic 3:

Ceacht 5

Éist le tuairimí daoine eile – conas a thaitníonn na rudaí céanna le daoine eile is a thaitníonn linne, ach ar chúiseanna éagsúla.

Ceacht 6

An bhrí le ‘‘bonn tuisceana’’ a thuiscint.

Ba cheart go gcuideodh MediaWise leis na leanaí i Rang 1 agus Rang 2 na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An difríocht idir cineálacha éagsúla meán a ainmniú agus na meáin éagsúla a fheiceann siad ar bhonn rialta a shainaithint.
  • Cur síos a dhéanamh ar cad is fógraíocht ann agus a aithint go mbíonn fógraíocht le feiceáil i ngach áit.
  • A thuiscint go ndéanann fógraíocht iarracht ceann de na ceithre sprioc seo a leanas a bhaint amach:
    1. Rud éigin a insint dúinn is gá dúinn a bheith ar eolas againn
    2. Áitiú orainn táirge nó branda a cheannach
    3. Áitiú orainn ár n-iompar a athrú
    4. Dearcadh a chur chun cinn
  • Cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin bhunúsacha (sonas, míshonas, fearg, leadrán, ionadh, eagla) agus cén ‘chuma’ a bheadh orthusan dá mbeifeá chun iad a chur i láthair sna meáin.
  • A thuiscint conas a thaitníonn na rudaí céanna le daoine eile is a thaitníonn linne, ach ar chúiseanna éagsúla.
  • A thuiscint cad is bonn tuisceana ann, na boinn tuisceana a úsáidtear i roinnt fógraí do bhréagáin a thuiscint agus roinnt bonn tuisceana eile a athint a úsáidtear sna meáin.
  • A thuiscint go gciallaíonn áitiú ar dhuine a chur ina luí ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó a smaoineamh agus a thuiscint conas a oibríonn sé sin.
  • Cur síos a dhéanamh ar ghnáthshamplaí d’fhaisnéis sa chaoi a gcuirtear iad i láthair agus roinnt foinsí na faisnéise sin a lua.
Tá eolas faoi na ceachtanna, na gníomhaíochtaí, na modheolaíochtaí agus na hacmhainní ar fáil sna pleananna ceachta.

 
Íoslódáil an réamhrá
Réamhrá >
Íoslódáil an plean ceachta
Ceacht 5 > Ceacht 6 >
Íoslódáil na gníomhaíochtaí
Gníomhaíocht 5.1 > Gníomhaíocht 6.1 >
Gníomhaíocht idirghníomhach
Fógraí bréagán >
Teimpléad pleanála meáin Aistear
Íoslódáil >
Íoslódáil an ghluais téarmaí
An ghluais téarmaí >

 

 

© The Food Safety Promotion Board