Skip to content

Gaeilge


Cuireann an láithreán gréasáin safefood eolas agus comhairle ar fáil atá úsáideach agus chun dáta faoi shábháilteacht bhia agus chothú.

Tá cúig phríomh-mhír le haghaidh tomhaltóirí. Is iad siúd ná:

  1. Maireachtáil Shláintiúil: Gheobhaidh tú comhairle anseo faoin dóigh le hithe go sláintiúil agus faoi fhanacht aclaí beag beann ar d'aois, ar an áit a n-itheann tú nó ar an méid airgid a bhíonn le caitheamh agat ar bhia.
  2. Ullmhú Bia: Sa mhír seo tá comhairle phraicticiúil faoi chócaireacht, ghlantachán, stóráil bhia agus faoi shiopadóireacht chun cuidiú leat nimhiú bia a sheachaint.
  3. Tuiscint ar Bhia: Sa mhír seo, gheobhaidh tú eolas faoi fhoinsí bia agus ar ábhair imní ar nós ailléirgí bia agus nimhiú.
  4. Oidis: Gheobhaidh tú eolas anseo faoi bhia simplí, blasta agus sláintiúil ar féidir leat a ullmhú sa bhaile.
  5. Cuir ceist ar an saineolaí: Má tá ceisteanna ar bith agat faoi shábháilteacht bhia nó faoi chothú, is féidir leat úsáid a bhaint as an mhír seo chun ceist a chur ar ár saineolaithe safefood.

Bord Cothaithe Sábháilteacht Bhia na hÉireann is ea safefood. Tá sé mar mhisean againn:

 ”Sláinte an phobail a chosaint agus a fheabhsú, trí mhuinín a chothú agus a chaomhnú i soláthar an bhia ar oileán na hÉireann, trí chomhpáirtíocht a dhéanamh le daoine eile.”

Dá mba mhaith leat tuilleadh eolais i do theanga dhúchais, déan teagmháil, le do thoil, le safefood agus déanfaimid iarracht cuidiú leat.

Cuir scairt ar ár líne chabhrach saor in aisce:
Ó Phoblacht na hÉireann: 1850 404 567
Ó Thuaisceart na hÉireann: 0800 085 1683

Nó cuir r-phost chugainn ag:
[email protected]



Safefood Logo

Sign up for our family focused healthy eating and food safety news.

Safefood logo

The site content is redirecting to the NI version.

Confirm